François Fillon
| François Fillon | |
|
168ú Príomh-Aire na Fraince
|
|
| In oifig 17 Bealtaine 2007 - inniu |
|
| Réamhtheachtaí: | Dominique de Villepin |
| Comharba: | (i seilbh oifige) |
|
|
|
| Dáta breithe | 4 Márta 1954 |
| Le Mans, An Fhrainc | |
| Páirtí | Union pour un Mouvement Populaire |
| Gairm | Dlíodóir |
| Céile | Penelope Fillon |
| Suíomh gréasáin | premier-ministre.gouv.fr |
Is é François Fillon polaiteoir agus Príomh-Aire na Fraince. Ba bhall é den phairtí RPR agus anois is ball é den UMP. Roimh an bpríomh aireacht bhí sé ina ionadaí, aire, seanadóir agus uachtarán den conseil génerale (comhlacht ghinereálta).
Toghadh Fillon don Assemblée nationale (parlaimint na Fraince) don chéad uair sa bhliain 1981. Ba Aire é idir 1993 agus 1997 i rialtais Edouard Balladur agus Alain Juppé.
Ceapadh mar Aire Saothair é sa bhliain 2002 i rialtas Jean-Pierre Raffarin. Ceapadh mar Aire Oideachais agus Taighde é sa bhliain 2004. Ní raibh sé páirteach i rialtas nua Dominique de Villepin sa bhliain 2005 ach toghadh é mar Sheanadóir don départment Sarthe. Ba chomhairleoir é do Nicolas Sarkozy agus é i mbun feachtais don toghchán uachtaránacha, agus cheap Sarkozy é mar Phríomh-Aire é ar an lá tar éis an toghcháin.
| Tá a thuilleadh meán ag Cómhaoin Wikimedia
a bhaineann leis an ábhar seo: François Fillon |
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.